School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 132

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 132

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 132
  3. XML “Scéal - An Tiarna Talún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Máire P Ní Chróinín, Goirtín Fliuch. Aois – Dhá bhliain déag
    10-5-’38
    Scéal – An Tiarna Talún
    Bhí Tiarna Talún ’na chónaí i nGoirtín Eoin fadó. Nuair d’oireadh do dul go Maigh Chromtha, nó teacht as, do caithfí an capall dob fhearr a bhí sa pharóiste do chur leis nó do chur ’na choinnibh. Uair a bhí sé ag teacht ó Maigh Chromtha do chuir sé fios ar chapall Sheáin Uí Luasaigh ó Chathair na Cátha chun dul ’na choinnibh. Chaithfeadh an giolla siúl abhaile mar ní leogfadh sé do teacht leis sa charráiste.
    Nuair a tháinig sé go Doire na Leacan do rith gadhar amach as tigh a bhí ar thaobh an bhóthair. Do rug sé greim ar shálaibh an chapaill agus as go brách leis le fánaidh. Do tharraing sé ró-ghairid i gcasadh i nGoirtín na Coille agus d’iompaíodh é. Do briseadh an dá leathlaí agus do scoir an capall é féin amach ón gcarráiste. As san amach níor iarr sé capall ar aon tineontaí.
    Nuair a fuair sé bás do bhí an áit mórthimpeall an tí clúdaithe le daradaoil agus iad go léir ag déanamh ar an dtigh. “Law” dob ainm do.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire P. Ní Chróinín
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    An Goirtín Fliuch, Co. Cork