School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Má líonas féin,” ar sise, “níl aon rud spártha agam.” “Ó! sea,” ar seisean, “níl ansan ach leathscéal – ná fuil sé sa bhfeircín agat?” “Ó! tá an ceart agat, a Sheáin,” ar sise agus dhírigh sí ar é a mholadh i dtaobh a bheith chomh maith. Bhí a fhios aici gurbh fhearr le Seán an ghruaig a staitheadh dhe ná í a dhul sa bhfeircín. D’imigh sí agus fuair sí an t-im agus chuir sí scimín de idir na fearaibh. Nuair a chonaic an fear í ag lot an fheircín do thosnaigh sé ag amhrán don leanbh, mar dhea, agus seo a duairt sé:-
“Éadrom lastuas lastuas
Éadrom lastuas timpeall
Nuair a gheobhaidh na fir amach
Bainfeadsa sásamh díotsa”.
Duairt sé léi an leanbh a thógaint uaidh chun go n-íosfadh sé a dhínnéar, ach duairt sise leis go dtógfadh sí láithreach í ach go gcaithfeadh sí canna uisce d’fháil ag an dtobar le cur sa chiteal. Nuair a bhí sí ag gabháil amach chuir sí a bróga agus a seál sa channa. Do chuir sí a bróga agus a "shawl"(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Shuibhne
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- An Tuairín Dubh, Co. Cork