School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 128

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 128

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 128
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí bean mhaith aige. Bhí an fear ana-dhoicheallach ach bhíodh sé i gcónaí ad iarraidh drochainm a thabhairt dá mhnaoi i dtreo gur air féin a bheadh an ainm mhaith. Feirmeoir ab ea é agus bhíodh daoine ag obair aige agus nuair a thagaidís isteach chun a gcuid bídh bhíodh sé i gcónaí ag rá lena mhnaoi rud éigin ní b’fhearr a bheith aici dhóibh agus ansan dá dtugadh sí aon rud fónta dóibh do ghabhadh sé uirthi nuair a théadh na fir amach.
    Lá amháin bhí meitheal fear aige ag baint móna. Bhí feircín ime líonta agus nuair a tháinig na fir isteach chun an dinnéir do thug sí an leanbh dá fear chun aire a thabhairt di an fhaid a bheadh sí féin ag fáil an dínnéir. Do thug sí prátaí agus bainne dhóibh le n-ithe agus mar ba ghnách duairt a fear léi an raibh aon rud ní b’fhearr aici. Duairt sí ná raibh. “Airiú,” ar seisean, “nár líonais feircín ime indiu”
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Shuibhne
    Gender
    Female
    Age
    11
    Address
    An Tuairín Dubh, Co. Cork