School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- XML Page 126
- XML “Béaloideas - Scéal - Eoghan Rua Ó Súilleabháin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fuair Eoghan Rua lóistín na hoíche i dtig feirmeora uair. Bhí stáisiún chun a bheith acu ar maidin. Tháinig an sagart isteach ar maidin agus chuir speic ar
Eoghan:- “A bhacaigh, a ghrá, is fada bog ’fhásais.” D’fhreagair Eoghan:- “Más fada bog ’fhásas is gan fhios dod chlársa é.” “Ná bíodh san le rá agat a thuilleadh,” arsa an sagart “ach gaibh chúm amáireach agus líonfad do mhála.” “Ní hé ab fhearr liom,” arsa Eoghan, “ach scilling d’fháil go n-ólfainn do shláinte.” “Níl sé agam anois,” arsa an sagart “ach an chéad áit eile a bhuailfead umat tabharfaidh mé duit é.” Nuair a bhí an tAifreann ráite agus an breicfeast ite thug an sagart aghaidh ar an mbaile.
Bhí cosán cómhngarach go dtí an bóthar agus rith Eoghan ar an gcasán agus bhí sé ar an mbóthar roimh an sagart. “Tá tú ansan arís romham,” arsa an sagart.
“Táim,” arsa Eoghan “agus táim ag brath go mbeir suas led(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Cheallacháin
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- Cathair na Cáithe, Co. Cork