School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Béaloideas - Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 124

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Peigí D. Ní Loingsigh, Ladhar na Gaoithe. Aois – Dhá bhliain déag
27-4-’38
Béaloideas – Scéal
Bhí beirt gharsún ag imirt cnaipí lá amháin. An lá so bhí cuid mhór cnaipí ag duine acu. Bhíodar ag dul thar choill agus bhí reilig in aice léi. Duaradar lena chéile go raghaidís isteach sa reilig agus go roinnfidís na cnaipí lena chéile istigh.
Chuadar isteach, ach nuair a bhíodar ag dul treasna an fhalla do thit dhá chnaipe uathu. Shuíodar síos taobh istigh don fhalla agus thosnaíodar ar na cnaipí do roinnt mar seo:- “Ceann domhsa, ceann duitse, ceann domhsa, ceann duitse,” agus mar sin.
Bhí an oíche ag titim agus bhí sé ag dul i ndoircheacht. Bhí fear ag gabháil thar an reilig agus d’airigh sé an glór istigh ag rá:- “Ceann domhsa, ceann duitse.” Tháinig scanradh air agus do rith chomh mear agus dob fhéidir leis.
Do bhuail fear eile uime agus d’fhiafruigh sé dhe cad fé ndeár an scanradh nó an amhlaidh go bhfaca sé sprid. “Ní fhaca,” arsa an fear, “ach d’airíos ceann ag labhairt.” “Cad é an áit?” arsa an fear eile. “Istigh sa tseanreilig,” ar seisean. “Ó ná géill do rudaibh mar sin,”arsa an fear eile. “Is fuiriste é sin do rá,” arsa an chéad fhear, “ach seo leat liomsa go dtí an reilig go bhfeicfidh tú féin an fíor nó bréag é.” Chuaigh an

(continues on next page)
Collector
Peigí D. Ní Loingsigh
Gender
female
Age
12
Address
Lyrenageeha, Co. Cork
Language
Irish