School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 121

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 121

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 121
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí naomh in Éirinn uair gurbh ainm do Mo Chua. Duine ana-bheannaithe dob ea é. Ní raibh ach trí seoda aige, coileach agus luch agus cuileog. Manach dob ea Mo Chua agus mar gheall air sin chaitheadh sé éirí go minic san oíche chun paidreacha a rá.
    Nuair a thagadh tráth na bpaidreacha gach oíche do ghlaodh an coileach agus mhúscladh sé Mo Chua. Dob fhearr an coileach ná aon chlog.
    Do bhíodh mórán oibre le déanamh ag Mo Chua sa ló. Scoláire mór dob ea é agus scríobhadh sé a lán.
    Toisc ná bíodh ach beagán codlata á dhéanamh aige istoíche.
    Is minic a thiteadh a chodladh air sa ló. Ansan thagadh an luch ghlic agus bhíodh sé ag scríobadh cluaise mochu
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chríodáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Oileán Eidhneach Thiar, Co. Cork