School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 120

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 120

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 120
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Eibhlín Ní Cheallacháin, Cathair na Cátha. Aois - Aon bhliain déag
    11-4-’38
    Béaloideas – Scéal
    Bhí beirt anam a’ cúiteamh a gcúrsaí Purgadóireachta ar dhá thaobh scotháin aitinn. Do gháir duine acu aon oíche amháin agus d’fhiafraigh an duine eile dhe cad ’na thaobh go raibh sé ag gáirí. “Táim anso,” ar seisean, “le trí fichid bliain agus anois do rugadh mac óg do mhac mo mhic agus beidh mac a mhic san ’na shagart agus an chéad aifreann a léifidh sé tá sé chun é a bhronnadh ar a mhuintir atá marbh.” “Dia linn ’s Muire,” arsa an t-anam eile, “níl éinne chun teacht im dhiaidh chun aifreann do rá dhom.” “Tabharfad leath mo chuid féin duit,” arsa an t-anam eile. D’airigh Íosa Críost agus a mháthair, moladh go deo leo iad, agus do leog Íosa suas sna flaithis saor iad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Cheallacháin
    Gender
    Female
    Age
    11
    Address
    Cathair na Cáithe, Co. Cork