School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a chonaic an bhaintreach fir go raibh sí chomh maith chun a gnótha a dhéanamh duairt sé léi fanúint ag tabhairt aire dá chlainn, ag ní agus ag glanadh dóibh, agus chomh maith do dhein. Fé dheireadh nuair a chonaic an fear go raibh an cailín bocht chomh cúramach ag déanamh gach ní timpeall an tí duairt sé léi go bpósfadh sé í agus do phós.
Bhíodar lán de shaibhreas as san amach agus bhí an saol ar a dtoil acu. Lá áirithe agus an bhean nuaphósta ag cur cruithneachtan i málaíbh le hais an dorais do ghaibh ár Slánaitheoir i gcló dhuine bhoicht chúithi agus d’iarr sé déirc cruithneachtan uirthi. Do labhair an bhean go searbhasach agus ar sise:- “Ná déanfadh prátaí do ghnó?”, agus do ghlaoigh sí ar a fear iad a thabhairt do.
Níor fhan ár Slánaitheoir leis na prátaíbh ach thóg sé cúpla gráinne cruithneachtan as ceann des na málaíbh agus d’ímigh leis. Ní túisce a bhí a dhrom leis an mnaoi ná ní raibh gráinne ins na málaí ná raibh imithe gan tuairisc uaithi. D’aithin an bhean chruachroích(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Shuibhne
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- An Tuairín Dubh, Co. Cork