School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Béaloideas - Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 116

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí cailín bocht ag cur a slí dhi oíche dhorcha. Ní raibh bróg ná stoca ar chois léi agus bhí an drochbhóthar ag gabháil go cnámh trína bonnaibh clogaithe. Ní raibh tigh ná treabh i gcomhair na hoíche aici agus bhí sí chomh tuirseach ó shiúl an lae gur chaith sí í féin i lúib an bhothair chun fanúint ann go maidean. Chonaic ár Slánaitheoir í agus duairt Sé léi éirí agus dul fé dhéin tí torraimh ná raibh i bhfad uaithi agus go bhfaigheadh sí lóistín na hoíche ann go maidean pé scéal é.
D’eirigh sí agus chuaigh sí fé dhéin an tí go bhfeaca sí soilse ar lasadh agus ligeadh isteach í. Ní túisce a bhí sí istigh ná a tugadh a dóthain bídh di. Ansan dúradh léi na hárthaí a ní agus do dhein agus ba mhaith chuige í. D’iarr an fear uirthi fanúint i bhfeighil an tí lá na sochraide agus d’fhan.

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Shuibhne
Gender
female
Age
11
Address
Tooreenduff, Co. Cork
Language
Irish