School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 113

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 113

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 113
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí cailín ann fadó agus bhí sí bodhar 'as balbh. Do thagadh an Sagart chun an tíghe chúiche chun a faoistine d'éisteacht i gcómhnuidhe. Is amhlaidh a sgríobhfadh sí síos ar phaipéirín beag pé rud a bheadh le h-innsint aice don sagart.
    Nuair a bhíodh an paipéir léighte aige caithfeadh sé é dhógad sa teine. Dá ndeineadh sé dearmhad ar an bpáipéirín a dhógad ní dheanfadh sé an gnó do aoinne eile é dhógad nuair a bheadh sé imthighthe.
    Bhí leabharlann i dtigh an chailín agus i seomra na leabharlainne iseadh a éisteacht an sagart a faoistin. Uair amháin dá raibh an paipéir léigthe aige bhuail sé fé cheann de's na leabharaibh ar seilph é, ach bhí sé chun é dhóghadh sar a n-imtheochadh sé abhaile.
    Do chuaidh sé abhaile agus dhearmhadh sé mar gheall ar an bpáipéir agus ní raibh fhios ag aoinne go raibh sé ann. Fuair an sagart bás agus d'fhan an seana pháipear san áit 'nár fhág sé é.
    Bhíodh muintir an chailín sa t-seómra ist oidhche agus tar-éis bháis an t-sagairt chídhfidís duine éigin ag teacht ann gach aon oidhche agus caitheadar imtheacht ón seomra le sgannradh mar thuigeadar narbh aon duine nádhurtha a chídfidís.
    Bhí buachaill go raibh gaol aige le muintir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Peigí D. Ní Loingsigh
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Ladhar na Gaoithe, Co. Cork