School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)féachaint an abradh sí a paidreacha. “Ní abraim ach aon phaidir bheag amháin agus sin a bhfuil agam ar fad,” arsa an cailín bocht. “Abair an phaidir dom más é do thoil é,” aduairt an sagart léi. “Seo é,” arsa an cailín:- “Cuirim mo chúram agus mo choimeád ar an dTríonóid Ró-Naofa,
Ar Íosa Milis, is ar Ghobnait Naofa,
Ar na hAingil Órga is mó i gCathair na Tríonóide,
Ar Chúirt na bhFlaitheas, is ar Naoimh an Domhain
Agus ar mo Aingeal Coimhdeachta féin do ló is d’oíche,
Gach lá go deireadh mo shaoil.
Agus sin é mo phaidir ’Athair.”
Ní túisce ’bhí an phaidir ráite aici ná gur thit an t-anam aisti agus tháinig rian ainglí ar a haghaidh. Duairt an sagart gur naomh an cailín agus go raibh sí ró-mhaith agus ró-thoileanach don domhan so.- Collector
- Peigí P. Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Na Curraithe, Co. Cork