Máire P Ní Chróinín, Goirtín Fliuch. Aois – Dhá bhliain déag
23-3-’38
Scéal
Seanduine gur theastaigh spéaclaí uaidh agus thug cleasaí cinn do gan aon ghloine iontu.
“Conas a oiriúnaíonn na spéaclaí san leat?” arsan cleasaí. “Dar foth Dia ach do chífinn frigh i dtóin dearnaite leo!” arsa an seanduine bocht.
Seanfhocail
“Airgead,” arsa fear na feoirlinge nuair a dhein sé an glór ar an lic.
Tagann drochmheas a caidreamh.
Ní bhfaigheann dorn dúnta ach lámh iata.
Is glas iad na cnoic i bhfad uainn. Gheibheann an ceansa a toil nuair a teipeann ar an stuacach.