School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chomhair amach agus d’fhiafraigh sé d’fhear a’ tí mar seo:- “Ambasa ní fiafheoil í seo?” ar seisean, mar bhí sé fé gheasaibh gan an saghas san feola d’ithe, agus duairt:- “Ó ní hea,” ar seisean go mall, mar níor mhaith leis gan béile blasta a bheith ag an ngarsún i gcomhair an bhóthair.
D’ith an garsún an fheoil go sásta agus d’imigh chun bóthair arís, agus bhí sé ag cur de riamh is choíche go dtí gur bhain sé tigh a uncail amach i ndeireadh na seachtaine.
D’fhan an buachaill i dtigh a uncail ar feadh trí bliana agus ansan do ghluais air abhaile arís. Ag teacht do, thug sé cuaird eile ar an duine muinteartha i gcomhair lóistín na hoíche, agus bhí céad mile fáilte roimis mar a bhí cheana.
Agus iad ag suí chun béile na maidne lá ar na mháireach d’fhiafraigh an duine muinteartha den bhuachaill an íosfadh sé fiafheoil rósta. “Ó ní íosfainn,” ar seisean, “táim fé gheasaibh le fada gan an saghas san feola d’ithe.” Chrom fear a’ tí ag gáirí fé agus duairt:- “D’ithis anso trí bliana ó shin os mo chomhair í,” ar seisean.(continues on next page)- Collector
- Peigí Ní Sheitheacháin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Cathair na Cáithe, Co. Cork