School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill bocht ag dul as baile síos go íochtar na hÉireann mar a raibh uncail do. Ní raibh aon traein ag rith an uair sin agus ní lú ná bhí aon rothair ann.
Dá bhrí sin, b’éigean do é shiúl ’na chois ó lá go lá, agus bhain sé seacht lá na seachtaine dhe dul go tigh a uncail. Nuair a thagadh an doircheacht air i gcónaí do stadadh sé i gcomhair na hoíche in aon tigh feirmeora go bhfaigheadh sé lóistín ann.
Bhí duine muinteartha eile don bhuachaill ’na chónaí timpeall leath slí síos i lár na hÉireann agus thug sé cuaird air sin leis agus d’fhan ’na theannta oíche des na hoícheantaibh. Chuir an duine muinteartha so míle fáilte roimh an mbuachaill agus thug gach cóir bídh agus dí agus ionad maith le luí do an oíche sin. Ar maidin amáireach a bhí chúthu d’ullmhaíodh fiafheoil rósta mar shólas i gcomhair an bhóthair don bhuachaill. Cuireadh pláta mór feola ós a(continues on next page)- Collector
- Peigí Ní Sheitheacháin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Cathair na Cáithe, Co. Cork