School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 102

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 102

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 102
  3. XML “Scéal - Cailín Deas Crúite na mBó fé Mhallacht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Maighréad Ní Chróinín, Carraig na Damhra. Aois – Trí bliana déag 11-3-’38
    Scéal:- Cailín deas crúite na mbó fé mhallacht
    Bhí fear ann fadó agus do chaith sé a shaol go holc. Bhí sé ag fáil bháis agus do cuireadh fios ar an sagart do i lár na hoíche.
    Bhí an sagart agus an fear a tháinig á iarraidh ag dul fé dhéin an fhir bhreoite. Dhá chapall iallaite a bhí acu. Nuair a bhíodar ag gabháil thar chabhlach tí a bhí in aice an bhóthair d’airíodar an t-amhrán binn go léir á chanadh istigh sa chabhlach. Stopadar ag éisteacht leis an amhrán. Nuair a bhí sé críochnaithe duairt an sagart leis an bhfear dul isteach féachaint cé bhí ann.
    Ní raibh ann ach cú. “Inseann san domhsa,” arsa an sagart, “go bhfuilim meallta ag an amhrán.” Do chomáin sé an capall chomh mear agus bhí sé ’na chosaibh ach bhí an fear tar éis bháis d’fháil nuair a shroich sé an tigh.
    “Cailín deas crúite na mbó,” an t-amhrán a bhí á chanadh istigh sa chabhlach agus do chuir an sagart mallacht ar an amhrán ansan.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Chróinín
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Carraig na Damhaire, Co. Cork