School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 101

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 101
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Peigí P Ní Loingsigh, Curraithe. Aois – Trí bliana déag
    11-3-’38
    Béaloideas – Scéal
    D’fhan fear ag ól i dtigh tábhairne tráthnóna go dtí gur caitheadh amach é ar a deich a’ chlog istoíche. Tar éis teacht amach duairt sé leis féin go mbeadh gal tobac aige. Thóg sé píopa amach as a phóca agus pé útamáil a bhí aige do thit rud éigin uaidh. Do las sé lasán, agus lasán, agus lasán eile, agus bhí sé ag cuardach ar a dhícheall.
    Níorbh fhada gur bhailigh slua timpeall air, gach éinne ag faire an bhfeicfeadh sé píosa airgid nó rud éigin luachmhar ar an dtalamh. Nuair a bhí gach lasán dóite aige d’iarr sé lasán ar na daoine a bhí bailithe timpeall air. Fuair sé iad agus nuair ná raibh a thuilleadh le fáil duairt sé:- “Is dócha ná faighead go deo é.” “Cad a chaillis?” arsa duine des na daoine a bhí timpeall air. “Chailleas lasán,” arsa an t-amadán.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Peigí P. Ní Loinsigh
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Na Curraithe, Co. Cork