School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 100

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 100

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 100
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Peigí Ní Mhuimhneacháin, Carraig. Aois – Dhá bhliain déag
    9-3-’38
    Béaloideas – Scéal
    Bhí bean ann fadó agus bhí mórán bó aici. Gach seachtain do dheineadh sí cuigeann agus nuair a bhíodh sí á dhéanamh thagadh seanbhean isteach agus théadh sí suas chun na tine agus thógadh sí sméaróid as ’na haprún agus d’imíodh sí léi an doras amach agus nuair a fhéachadh bean a’ tí isteach sa bharraille bhíodh sé folamh.
    Ar feadh mí bhí sí mar sin agus ní bhíodh aon im aici. Fé dheireadh d’innis sí don sagart é agus duairt an sagart léi an chéad lá eile a bheadh sí ag déanamh ime é a insint do féin. Agus nuair a bhí an bhean chun an ime a dhéanamh d’innis sí don sagart é agus tháinig sé. Duairt sé léi an chuigeann a dhéanamh agus an fhaid a bhí sí á dhéanamh tháinig an tseanbhean isteach agus d’imigh sí suas chun na tine agus thóg sí sméaróid as an dtine agus nuair a bhí sí ag dul amach an doras thit sé uaithi. Tháinig sí arís ad iarraidh ceann eile agus nuair a bhí sí ag dul amach thit sé uaithi leis. Tháinig sí arís, an tríú uair, agus thit sé uaithi arís. Duairt an sagart léi imeacht amach go tapaidh agus d’imigh sí léi agus níor tháinig sí a thuilleadh, agus ní raibh an t-im tógtha ó bhean a’ tí as san amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish
    Collector
    Peigí Ní Mhuimhneacháin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    An Charraig, Co. Cork