School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Béaloideas - Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 099

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Máire Ní Loingsigh, Curraithe. Aois – Aon bhliain déag
8-3-’38
Béaloideas – Scéal
Bhí fear ag dul go dtí an baile mór lá fé dhéin mála mine mar ní bhfaightí aon mhin sna sráideannaibh beaga fadó. Ar mhuin asail a bhí sé. Shrois sé an siopa. D’fhág sé an t-asal taobh amuigh de dhoras an tsiopa. Chuaigh sé isteach agus cheannaigh sé an mhin.
Chuir sé an mála mine ar a ghualainn agus chuaigh sé in airde ar an asal. Thug sé a bhóthar abhaile air, an mála ar a ghualainn aige agus é ag marcaíocht ar an asal. Níorbh fhada ar an mbóthar é gur bhuail comharsa leis. Stad an chomharsa é. D’fhéach sé ar fhear an asail, agus d’fhéach sé ar an asal, agus d’fhéach sé ar an mála. Chrom sé ag gáire.
“Cad ’na thaobh duit an mála a bheith ar do ghualainn agat?” ar seisean.
“Ó, bheadh sé róthrom don asal agus táim féin á iompar,” arsa an fear. Amadán dob ea an fear san.

Collector
Máire Ní Loinsigh
Gender
female
Age
11
Address
Currahy, Co. Cork
Language
Irish