School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 094

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 094

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 094
  3. XML “Seo Piseoga a Deintí Lá Bealtaine Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seo piseóga a deintí Lá Bealtaine fadó. Bhí sagart i mBéal Átha an Ghaorthaidh fadó. An t-Athair Ó Loinsig a b’ainim dó. Fear iongantach maith do beadh é agus na theannta sin bhí sé ana naomhtha.
    Lá amháin agus é ag dul go stáisiún go ghlaoidh sé isteach go dtí tig feirmeóra. Ní raibh aoinne istig roimis agus shuidh sé síos i n-aice na teine ag feitheamh cun go dtiocfadh bhean a’ tighe isteach. I gceann tamaill tháinig bean comharsanach isteach agus dubhairt sí go raibh a teine múcta agus gur theastuig smóilín uaithe.
    Thóg sí an smóilín agus amach an doras leí. Thug an sagart fé ndearra rud éigin agus thóg seisean smóilín as an dteine leis agus chuir sé isteach i mbuicéad uisge é a bhí i n-aice an dorais.
    Le na linn sin tháinig an bhean isteach arís agus dúbhairt sí go raibh an smóilín mhúcta agus thóg sí ceann eile leí. Annsan thóg an sagart ceann eile as an dteine agus chuir sé isteach sa bhuicéad arís é. San ám ceadna do mhúc smóilín na mná arís agus thuig sí go raibh rud
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. May (~639)
    Language
    Irish
    Collector
    Peigí Ní Cheallacháin
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Cathair na Cáithe, Co. Cork