School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 093

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 093

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 093
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Máire Ní Chríodáin, Oileán Aibhneach. Aois – Dhá bhliain déag
    2-3-’38
    Béaloideas –Scéal
    Do bhí fear in Eirinn fadó agus do bhí sé ana-shaibhir. Do bhíodh eagla air i gcónaí go ndéanfaí an t-ór do ghoid uaidh. Do bhíodh firín beag macánta ag obair don bhfear saibhir sin agus d’iarr sé ar an bhfirín beag aire a thabhairt don ór. Do chuir an firín beag an t-ór isteach i bpróca. Rug sé an próca leis go dtí an gleann agus do chuir sé i bhfolach i bpoll fé thalamh é.
    Nuair a chonaic an fear saibhir cad a bhí déanta aige do chuir sé fé gheasa é an t-ór do chosaint i rith a shaoil, agus i ndiaidh a bháis, agus tá leipreacháin sa ghleann ó shin ag tabhairt aire don ór.
    Dob é sin an chéad leipreachán, ach nuair do chuala daoine eile an scéal do chuireadar féin a gcuid óir fé thalamh agus leipreachán dá fhaire. Sin mar a tharla go bhfuil leipreacháin i ngleannta na hÉireann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chríodáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Oileán Eidhneach Thiar, Co. Cork