School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 092

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 092

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 092
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Do thiomáineadar leo isteach sa choill. Chonacadar crann breá go bhféadfaidís codladh ann. Duaradar go mb’fhéidir go bhfliuchfadh an oíche agus go raibh sé chomh maith acu an doras a chur os a gcionn.
    Do chuadar suas agus an doras acu agus bhíodar ullamh i gcomhair na hoíche nuair a tháinig isteach sa choill triúr fear.
    Do thánadar go bun an chrainn agus do lasadar tine agus do bhíodar ag beiriú feola agus rudaí eile don suipéar, ach duaradar an fhaid a bheadh an fheoil ag beiriú go gcomhaireoidís an t-airgead a bhí goidithe acu.
    Bhí an deatach ag dul suas go dtí Caitlín agus bhí sí cráite agus bhí sí ag léimrigh anonn is anall go dtí gur leag sí an doras. Nuair a airigh na fir an fothrom go léir thuas ar an gcrann do ghlac scanradh iad agus do ritheadar.
    Do tháinig Caitlín agus Dónall anuas as an gcrann ansan agus d’itheadar a ndóthain agus do thógadar an t-airgead agus chuadar abhaile agus do mhaireadar go suairc as san amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1386: Meat as Food for Cabbage
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Shuibhne
    Gender
    Female
    Age
    11
    Address
    An Tuairín Dubh, Co. Cork