School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Béaloideas - Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 090

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear agus bean bhocht ann fadó agus bé an ainm a bhí orthu ná Dónaillín Donaí agus Caitlín Thubaisteach. Bhíodar ana-dhealbh ach bhí aon mhuicín amháin acu. Duairt Dónaillín go maróidís an mhuicín agus go leasódh sí an cabáiste dhóibh.
Do mhairbh sé an mhuc agus chuir sé sa tobán é. Lá dá raibh sé amuigh ag obair cheap Caitlín gan bheith díomhaoin agus rug sí léi na píosaí feola agus chuir sí píosa díobh le gach stumpa cabáiste.
Amáireach a bhí chúinn tháinig Dónall isteach chun a dhínnéir ach ní raibh aon rud beirithe aici – ní raibh sé aici. “Airiú, cad ’na thaobh ná fuil píosa den fheoil beirithe agat?” ar seisean; “Airiú, ar nóin, níl sé agam,” ar sise. “Airiú, cár ghaibh sé?” arsa Dónall. “Airiú,” ar sise “nár chuireas ag leasú an chabáiste é.” “Níor theip riamh ort, a óinsigh,” ar seisean.
Do rith sé amach féachaint a bhfaigheadh sé an fheoil ach is amhlaidh a bhí sé go léir ite ag gadhair an bhaile. Tháinig sé isteach arís agus é go buartha.
“Níl aon ní le déanamh

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Shuibhne
Gender
female
Age
11
Address
Tooreenduff, Co. Cork
Language
Irish