School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 090

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 090

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 090
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus bean bhocht ann fadó agus bé an ainm a bhí orthu ná Dónaillín Donaí agus Caitlín Thubaisteach. Bhíodar ana-dhealbh ach bhí aon mhuicín amháin acu. Duairt Dónaillín go maróidís an mhuicín agus go leasódh sí an cabáiste dhóibh.
    Do mhairbh sé an mhuc agus chuir sé sa tobán é. Lá dá raibh sé amuigh ag obair cheap Caitlín gan bheith díomhaoin agus rug sí léi na píosaí feola agus chuir sí píosa díobh le gach stumpa cabáiste.
    Amáireach a bhí chúinn tháinig Dónall isteach chun a dhínnéir ach ní raibh aon rud beirithe aici – ní raibh sé aici. “Airiú, cad ’na thaobh ná fuil píosa den fheoil beirithe agat?” ar seisean; “Airiú, ar nóin, níl sé agam,” ar sise. “Airiú, cár ghaibh sé?” arsa Dónall. “Airiú,” ar sise “nár chuireas ag leasú an chabáiste é.” “Níor theip riamh ort, a óinsigh,” ar seisean.
    Do rith sé amach féachaint a bhfaigheadh sé an fheoil ach is amhlaidh a bhí sé go léir ite ag gadhair an bhaile. Tháinig sé isteach arís agus é go buartha.
    “Níl aon ní le déanamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1386: Meat as Food for Cabbage
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Shuibhne
    Gender
    Female
    Age
    11
    Address
    An Tuairín Dubh, Co. Cork