School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 089

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 089

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 089
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Eibhlín Ní Cheallacháin, Cathair na Cátha. Aois - Aon bhliain déag 22-2-38
    Béaloideas – Scéal
    Timpeall míle ó shráidbhaile Bhéal Átha an Ghaorthaidh, ar an dtaobh thuaidh de, tá ráth ar a dtugtar Cathair na Cátha. Tá falla cloch timpeall air, ach tá mórán des na clochaibh leagtha. Tá sé a sé nó a seacht de throithibh ar aoirde in áiteannaibh, ach níl sé ach cúpla troigh in áiteannaibh eile. Timpeall a hocht nó a naoi de throithibh ar leithead atá sa bhfalla. Tá crainn iubhair ag fás istigh sa ráth ach is gearr ó cuireadh ann iad. Níl aon pholl talún le feiscint istigh sa ráth, fé mar atá i Ráth an Ghaiscígh ar an dtaobh thoir de.
    Timpeall céad slat ó Chathair na Cátha, áfach, tá poll fé bhráid carraige. Deirtear go bhfuil pasáiste ón bpoll san go dtí lár an rátha agus go bhfuil seomraí anso is ansúd fan an phasáiste seo. Chomh fada agus is féidir a fheiscint ó bhéal an phoill, tá falla cloch ar gach taobh de. Deirtear gur chuaigh cuid des na Gaelaibh i bhfolach sa poll so tar éis Chath Chéim an Fhia.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Cheallacháin
    Gender
    Female
    Age
    11
    Address
    Cathair na Cáithe, Co. Cork