School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Béaloideas - Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 081

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Ins an aimsir atá caite is tithe cinn tuí ba mhó a bhí ar fuaid na tíre seo, agus ins an am san do cuirfí ar bharr an tsimné rud éigin déanta de shlata i bhfoirm cléibhe nó ciseáin, mar bhriseadh ar an ngaoith, in ionad na bpíopaí a cuirtear anois ann.
Do bhí fear ann agus do dhein sé mórán saibhris go cruálach ar bheagán fáltais. Do bhí iníon amháin aige agus ní fheadair sé conas a dhéanfadh sé cleamhnas di le duine mór éigin.
Do bhí fear óg insa gcomharsanacht aige a bhí beagán rabairneach mar is gnáth lena leithéid a bheith. Do chuir an fear so teachtaireacht chun an fhir féachaint an dtabharfadh sé a iníon do le pósadh.
Do tháinig áthas a croí ar an iníon agus ar an mháthair mar gheall ar an scéal agus do cheapadar lá don teachtaire chun an fhir óig do theacht ag déanamh an chleamhnais.
Do dhein bean a’ tí agus a hiníon suas an tigh go hálainn i gcómhair lae an choinne. Do bhí gach aon ní go rí-maith ach go raibh an simné go holc acu, agus níorbh fholáir don iníon agus don mháthair do chur d’fhiachaibh ar fhear a’ tí dul ad iarraidh iasacht

(continues on next page)
Collector
Nóra Ní Ríordáin
Gender
female
Age
12
Address
Currahy, Co. Cork
Language
Irish