Máire Ní Chríodáin, Drom an Ailtig. Aois – Trí bliana déag
28-1-’38
Béaloideas – Scéal
Nuair a bhí Eoghan Rua ag dul go dtí an tAifreann Domhnach áirithe ni leogfaí isteach sa séipéal é gan leathphingin. D’iompaigh sé amach agus duairt sé leis na daoine go léir a bhí ag teacht isteach go dtí an tAifreann:-
"Tagaig go léir i leith, a bhuachaillí, tá Aifreann Dé á dhíol ar leathphingin."
Ansin do shuigh sé ar chruach mhóna taobh amuigh den séipéal. Tháinig an sagart amach chuige agus duairt sé leis:- "cad ’na thaobh ná téann tú isteach go dtí an tAifreann agus gan bheith ag suí ansan?"
D’fhreagair Eoghan é mar seo:-
“Má tá an tAthair mar an Eaglais níl aon bhrí ’nár ngnó
Is ní fearra dhúinn an tAifreann ná bheith ag suí ar an móin.”