School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Béaloideas - Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 071

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Peigí D. Ní Loingsigh, Ladhar na Gaoithe. Aois – Dhá bhliain déag
20-1-’38
Béaloideas – Scéal
Bhí bean ’na cónaí sa Leaca Bán fadó gurbh ainm di Síle Ní Mhuimhneacháin. Gach maidean nuair a théadh sí go seomra an bhainne bhíodh na piceanna bainne doirtithe ar fuaid an urláir roimpi agus do bhíodh ionadh a croí uirthi. Lá amháin tháinig bean feasa isteach chúithi agus d’fhiafraigh sí di an mbíodh a cuid bainne doirtithe roimpi gach maidean agus duairt Síle go mbíodh. Duairt an bhean feasa léi gurb é cúis é sin mar ná bíodh aon fhíoruisce istigh aici aon oíche agus dá mbeadh, agus an tinteán glan aici, ná beadh an bainne doirtithe. As san amach bhí an fíoruisce istigh aici agus an tinteán glan agus níor doirteadh an bainne uirthi as san amach.

Collector
Peigí D. Ní Loingsigh
Gender
female
Age
12
Address
Lyrenageeha, Co. Cork
Language
Irish