School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 069

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 069

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 069
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sa tseanashaol nuair a bhíodh lucht na ndeachuithe ag gabháil amach ag bailiú na deachún thagaidís, go minic, go dtí Baile Bhúirne agus do bhí na daoine bochta scriosta acu. Thánadar le chéile aon lá amháin agus chuadar suas go dtí Teampall Naomh Gobnatan agus do thosnaíodar ag paidreoireacht ann. D’iarradar ar Naomh Gobnait rud éigin a dhéanamh dóibh chun stop a chur le muintir na deachún.
    Fé cheann beagán aimsire tháinig na ropairí arís. Níor airíodar pioc go bhfuair Gobnait an beachaire agus bhuail sí trí bhuille air in ainm an Athar agus do chuir sí chun siúil muintir na deachún, le saithe beach a eirigh amach as an mbeachaire.
    Bhí Ministir i mBaile Bhúirne san am chéanna agus nuair a airigh sé an méid sin tháinig ana-fhearg air agus duairt sé an lena sheirbhísigh dul amach agus uisce a thabhairt isteach ó thobar Naomh Gobnatan agus na héadaí a ní leis.
    Do deineadh amhlaidh agus chuireadar i gcorcán os cionn na tine é agus dá mbeadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Liatháin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    An Goirtín Fliuch, Co. Cork