Nóra Ní Chróinín, Eanáir 19ú, 1937. Aois – Cheithre bliana déag
Béaloideas – Scéal
Taistealaí dob ea Eoghan Rua. Bhí sé ag cur an bhóthair de uair nuair a bhuail sagart uime. Bhíodar ag comhrá le chéile. Níorbh fhada gur shroiseadar abha mhór; ní fhéadfadh an sagart dul treasna na habhann, ach bhí Eoghan cosnochtaithe agus chuir sé an sagart ar a dhrom agus ghluais sé leis. I lár na habhann duairt Eoghan leis an sagart go ndéanfadh sé a fhaoistin leis. “Ná bach leis cun go mbeimíd treasna na habhann” arsa an sagart. Thosnaigh Eoghan ag insint a fhaoistine, peacaí móra á scaoileadh amach aige chomh tiubh le raithnigh. “Ó tá an diabhal thiar ort!” arsa an sagart tar éis gníomhartha Eoghan do chlos. “Má tá, mhuise,” arsa Eoghain, “ni fhada a bheidh”, ag caitheamh an tsagairt isteach san uisce.