School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 066

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 066

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 066
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí beirt dearthár ’na gcónaí i gContae Chorcaí san áit ar a dtugtar Ard an Leasa. Feirmeoirí ab ea iad. Tadhg ab ainm do dhuine acu agus Dónall ab ainm don duine eile.
    Do bhí feirm Thaidhg ar an dtaobh thuaidh de Abhainn na Bandan agus bhí feirm Dhónaill ar an dtaobh theas. Do mharaíodar mart i gcomhair na
    Nollag agus do dheineadar socrú go ndéanfaí an fheoil do roinnt ’na dhá leath eatarthu.
    Ar an bhfeirm thuaidh, feirm Thaidhg, is ea a maraíodh é agus duairt Dónall le Tadhg go gcuirfeadh sé garsún chuige lá arna mháireach chun a choda féin do bhreith abhaile. “Tá go maith,” arsa Tadhg, “gheobhaidh sé é pé uair a thiocfaidh sé.” Do ghlaoigh Dónall ar an ngarsún maidin lá arna mháireach agus duairt sé leis an capall a ghléasadh agus dul ó thuaidh agus leath den mhart do bhreith aduaidh ar an dtrucail. Do ghléas an garsún an capall agus d’imigh sé ó thuaidh treasna na habhann chun tí Thaidhg.
    Do bhí Tadhg ag feitheamh leis ann. Do bhí an mart gearrtha ag Tadhg agus do chuir sé leath na feola ar an dtrucail agus duairt sé leis an ngarsún bheith ag bogadh leis abhaile. Nuair a tháinig an garsún aduaidh agus an fheoil aige do thug a mháistir fé ndeara gur choimeád an deartháir an croí, an t-ae, an t-eireaball, agus nithe eile do féin agus nár thug
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Ríordáin
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Na Curraithe, Co. Cork