School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Béaloideas - Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 064

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Teampall Bhaile Bhúirne
Bhí Naomh Gobnait i mBaile Bhúirne fadó agus do thosnaigh sí ar theampall a dhéanamh ann. Tháinig na Sasanaigh ag triall uirthi agus dúaradar léi an áit a fhágaint mar gur oir an áit dóibh féin chun teampall a dhéanamh ann. Chaith sí an áit a fhágaint uathu agus thosnaíodar san ag déanamh teampaill. Fé cheann bheagán aimsire an méid a dheinidís gach lá bhíodh sé leagaithe ar maidin rompu. Do thagadh Gobnait thall ar an Seana-Chluain, ar aghaidh an teampaill amach, agus chaitheadh sí bolla mór iarainn agus do leagadh sí a ndeinidís gach lá. Chaitheadar an áit a fhágaint fé cheann suim aimsire.
Thosnaigh Gobnait ar obair arís ann ansan. Bhí capall bán aici agus do chuaigh na Sasanaigh i gcomhairle chun an capall a ghoid uaithi. Do fuaradar gadaí chun é a dhéanamh. Tháinig sé oíche agus ghoid sé an capall. Do fuaireadh é ar maidin ag marcaíocht ar an gcapall is é ag gabháil timpeall an

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Liatháin
Gender
female
Age
12
Address
Gurteenflugh, Co. Cork
Language
Irish