School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhead fé chumha cráidhte
Ach lem' shaoghl go cásmhar
A phlúr na sár-fhear!”
Bhí bean-chaointe áirithe ann fadó ná bíodh aon chúram eile uirthi ach ag rith go tighthibh tórraimh agus ag dul i sochraidíbh ag déanamh caointe. “Máire na Marbhna a tugtaí uirri, agus gheibheadh sí buidéal uisce beatha agus a págh ina theannta chun caoine a dhéanamh. Chuaidh sí isteach go tigh ministir lá agus bhí leanbh marbh ann. D’iarr an ministir uirthi caoineadh a dheanamh ar an leanbh agus thug sé dhá phinginn di. Thosnuigh sí ar an gcaoine agus seo mar a dubhairt sí:-
“Mo ghrádg-sa an mhinistir thug an dá phinginn dom chun an leinbh do chaoine,
Íde an duine sin ar an gcuid eile aca siar go h-Earball timcheall.- Collector
- Máire Ní Chríodáin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Drom an Ailigh, Co. Cork