Nós a bhíodh fadó ann dob ea bheith ag caoineadh ós cionn an té a bhíodh fé chlár, piocu fear nó bean, garsún nó gearrachaile a bheadh marbh. Ba chuma ciocu i mbláth a óige nó ’na sheanachlíona caite don chorp, déanfaí an caoineadh air ón neomat a sínfí amach ar an gclár nó ar an raca é de ló is d’oíche, go dtí go síntí síos sa chré é fé cheann trí lá is dhá oíche.
Ina ghreasaibh a deintí an gol nó an caoineadh, timpeall deich neomat i ngach greas acu agus véarsaí caointe dá ngabháil go huaigneach, ceolmhar leis an gcaoineadh ag na mnáibh caointe.
Chomh luath agus a thiocfadh aon duine muinteartha nó gaolmhar don té a bhíodh fé chlár isteach go tigh an tórraimh ghoilfeadh sé [nó sí] a ghreas caointe ós cionn an choirp agus d’éiríodh na mná caointe a bhíodh cois na tine chun cabhruithe leis [nó léi] go gcaoinfeadh sé a chara agus go gcuirfeadh sé a thocht de. Is minic a bheadh seisear ag gabháil don chaoineadh in éineacht agus ag greadadh a mbas agus ag crothadh a gceann agus ag cur véarsaí brónacha astu mar seo:-
“Mo ghrá thú, ’s mo chroí im’ lár thú
Agus mo chumha fé chlár thú!
Is ní inniu ná amáireach
Ná ar feadh seacht lá dhom
(continues on next page)