School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Cad ’na thaobh ná tuigfinn agus mé bheith ó Éirinn
Do lean an cailín leis an amhrán annsan agus dubhairt sí. Tá an iomarca de'n phiobar ar an ngloine sin taobh leat.
Ith do dhothin agus ná hól aon rud. Mar tá salann garbh ar an bpraisigh ó aréir duit” Leóg Domhnall air bheith ag amhrán leis agus dubhairt sé, Imthig mo chailín is mo beannacht go léir leat.
Cuirfeadf-sa an gloine sin ar dhuine acu féinig. Bhi a shúil anáirde ag Dómhnall as san amach agus nuair a fuair sé ná raibh éinne ag feachaint do sgiob sé gloine an té ba ghiorra dho agus do chuir sé a ghloine féin na ionad.
D’ól an fear eile an nimh agus thit sé marbh agus do tháinig Dómhnall slán.Seanfhocal
Tá trí shaghas inchinn ann:-
inchinn céireach, inchinn cloiche, agus inchinn grutha.- Collector
- Maighréad Ní Chróinín
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Carraig na Damhaire, Co. Cork