Maighréad Ní Chróinín, Carraig na Damhra. Aois – Dhá bhliain déag 10-12-’37 Scéal – Dónall Ó Conaill Bhí Dónall Ó Conaill thall i Sasana uair agus do fuair sé cuireadh chun dinnéir ó dhuine uasal gallda. Bhí a lán daoine uaisle eile ag an dinnéar agus do bhí sé socair nimh a thabhairt do Dhónall agus é a chur chun báis. Do cuireadh an nimh isteach i ngloine Dhónaill. Bhí an chuideachta suite timpeall an bhoird agus a ghloine féin ós comhair gach duine acu. Bhí cailín aimsire ó Éirinn sa tigh go raibh Gaelig aici agus do fuair sí amach mar gheall ar an nimh. Do fuair sí leathscéal éigin chun dul isteach i seomra an bhídh mar a raibh Dónall is na huaisle eile. Leog sí uirthi bheith ag amhrán sa Ghaelainn agus í ag gabháil timpeall agus ’sé seo an chaint a bhí ar siúl aici;- “A Dhónaill Uí Chonaill an dtuigeann tú Gaelig?” Thuig Dónall gur oir don chailín rud éigin d’insint dó agus ná raibh san amhrán ach leathscéal. Leóg sé air bheith ag rádh an amhráin leis agus dubhairt
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »