School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Pósadh an lá san iad, agus bhí an saoghal ag eirighe go h-áluinn leo go ceann trí mblian ndéag. Bhí dhá’réag pástí gleóite acu fá’n am so agus sláinte an bhrádáin acu go léir.
D’imthigh an fear go dtí an t-aifreann i na aonar maidean Domhnaigh i gcuimhneamh an láe a bhuail a bhean draoidheachta leis, trí bliana déag roime sin, ach pé deabhadh nó easba cuimhne a bhí air ámthach, d’fhág sé an eochair sa ghlas – rud nár dhein sé riamh cheana – agus ar a theacht abhaile bhí an brat draoidhechta beirthe as an gcófra ag an murbhach agus í féin agus a dhá’réag clainne imthighthe fén bhfairrge gan a dtuairisc uatha!
Ní fheaca sé ó shoin iad.
“A,” ar seisean go díombádhach, “mairg a thugann cúl le cine agus ná pósann bean ar a aitheantas!”- Collector
- Máire Ní Críodáin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Drom an Ailigh, Co. Cork