Bhí óganach breágh, dathúil i na chomhnaídhe cois fairrge fadó riamh.
Ba bhéas leis eirighe go moch gach maidean Domhnaigh agus dul go dtí an chéad aifreann. Nuair a thagadh sé abhaile annsan. thugadh sé tamall de’n lá ag suidhe ar fhailltreacha na fairrge.
Domhnach áirithe agus é ar bharr faille mar sin, do-chonnaic sé uaidh síos ‘na suidhe ar chloich an bhean ba bhreághtha dar luigh súil duine riamh uirri. Bhí ceann breágh fionn-ruadh gruaige uirri, go raibh scáil an óir ins gach dlaoí djí, agus í ar sileadh léi go talamh léi. Ag cíoradh a cinn fe'n ngréin a bhí sí agus ní raibh a fhios ag an óig-fhear cérbh' í nó cad abh as í, mar isé a drom a bhí leis; agus na theannta san bhí brat draoidheachta tímcheall uirthi.
Déin sé síos fe na déin, mar chuimhnigh sé gur minic d'airig sé tracht ar murbhach agus nách foláir nó gurbh í bhí ann. D’éaluigh sé ar a bhairricíníbh laistiar di agus sciob an brat draoidheachta dá slinneánáibh anuas.
D’fhiafhruigh an t-óig-fhear de’n mhurbhach annsan an dtiocfadh sí leis agus é phosadh.
“Tiocfad,” ar sise, “má's dáiríribh duit – níl aon dul as agam anois, is dócha agus mé gan mo bhrat.”
Bheir sé leis abhaile í agus chuir sé an brat fé ghlas.
(continues on next page)