School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 057

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Seo paidir chun Naomh Gobnatan a deirtear nuair a téitear go Baile Bhúirne ag tabhairt na dturas.

Go mbeannaí Dia dhuit a Ghobnait Naofa,
Go mbeannaí Muire dhuit, is beannaím féin duit;
Is chútsa a thánag ag gearán mo scéil leat
Is ag iarraidh mo leighis ar son Dé ort.

Tá áit i gcomharsanacht Bhéal Átha an Ghaorthaidh agus ’sé an t-ainm atá air ná Doire na Buairce. ’Sé an chúis gur tugadh an t-ainm sin air ná seo:- Bhí bean ag crú bó in aice coille ansan fadó agus bhí buaircín ar an mboin. D’airigh sí duine taobh thiar di; d’fhéach sí agus chonaic sí firín anabheag ’na shuí fé chrann agus duairt sé léi go raibh sé ag tabhairt aire do phróca óir a bhí fén gcrann, agus annsan sceinn sé as a radharc. Do bhain sí an buaircín don bhoin agus do chuir sí ar an gcrann é chun go n-aithneodh sí an crann arís. Nuair a tháinig sí thar n-ais, i gcionn tamaillín, bhí buaircín ar gach crann roimpi agus níor fhéad sí an t-ór d’fháil. Sin fáth gur tugadh “Doire na Buairce” ar an áit.

Language
Irish