School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 055

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 055

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 055
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    síos an bóthar í mar shíl sé go raghadh sí abhaile ach bhíodh sí tagaighthe thar nais níos túisge ná é féin, nuair d’airig na chómharsain go raibh a leithéid ann.
    Thagadh úaisle le h-árthaighe mhóra cun í crúdh mar airigheadh ar pé méid a bheadh san árthach go líonfadh sí é. Bhíodh gamhan glas baineann aici gach aon bhliadháin agus bhí an fear bocht ag dul i seibhreacht in dhiaidh an lae. Tháinig bhean chuige lá agus chuir sí geall leis go dtabharfadh sí féin árthach na líonfadh an bó.
    Do chuir an fear an gheall léi mar shíl sé go líonfaidh sí é pé méid a bheadh innte. Tháinig an bhean agus is sé an t-árthach a thug sí ná criathar. Thosnuigh sí ar an bhó do crúdh agus thug an bhó an bhainne cómh tapaidh is d’fhéad sí é acht níor féidir dí an chriathar do líonadh agus chuaidh an bainne go léir ar fuaid an talaimh.
    Fé dheire nuair d’fheach an bhean, is fuil a bhí aici dá chrudh in ionad bainne. Tháinig scanradh uirthi nuair a chonnaic sí an fhuil. Díompaigh an bhó a ceann agus d'fheach sí mór thímceall agus d’arduigh sí a hearball chuir sí géim úatbhásach diamhrach aiste agus síos chun na fairrge léi. Bhí na gamhna le
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Gobnait Ní Chróinín
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Carraig na Damhaire, Co. Cork