Bhí fear agus bean ina gcónaí cois na farraige i gCiarraí fadó agus bhíodar ana bhocht. Bhí muiríon mór orthu agus gan puinn bídh le fáil acu. Aon lá amháin tháinig fear siúil isteach agus d’iarr sé lóistín na hoíche orthu. Duairt fear a’ tí go bhfaigheadh agus fáilte, nár chuir sé féin fear siúil óna dhoras riamh. Fuair a bhean an suipéar ullamh do agus ní raibh de bhainne acu ach an méid do dhein an suipéar dóibh. Chuadar a chodladh agus chuir fear a’ tí an bolta ar an doras. Maidin lá arna mháireach nuair d’eirigh fear a’ tí ní raibh aon tuairisc don fhear siúil agus nuair a bhí an bolta ar an doras ní raibh fhios acu cár imigh sé. D’oscail fear a’ tí an doras agus nuair d’fhéach sé chonaic sé bó amuigh sa bhuaile agus í ag sileadh bainne. Ghlaoigh sé ar a mhnaoi agus dúirt sé léi an bhó do chrú. Do chrúigh sí an bhó agus líon sí an t-árthach go tapaidh. D’fhógair sé an bhó ó áltóraibh na dtrí bparóiste agus níor tháinig éinne dá hiarraidh. D’fhan an bhó aige féin; chomáineadh sé
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »