School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Béaloideas - Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 050

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Maighréad Ní Chróinín, Carraig na Damhra. Aois – Dhá bhliain déag 26-11-’37
Béaloideas – Scéal
Bhí beirt fhear thíos i bpríosún i gCorcaigh fadó. Bhíodar daortha chun a gcrochta. Ón duthaigh seo ab ea duine acu agus bhíodh sé i gcónaí ag guí chun Naomh Gobnatan é do shaoradh. An phaidir seo a bhíodh á rá aige:-

“A Ghobnait mhúinte
ó Bhaile Bhúirne,
tar-se chúmsa
led chabhair is led chúnamh.”
Bhíodh an fear eile ag magadh fé agus nuair airíodh sé an phaidir á rá deireadh sé:-
“Beidh sí id chúram!”
An oíche dheireanach d’oscladh an doras agus tháinig an bhean uasal isteach chúthu. Do bhagair sí ar fhear Bhéal Átha an Ghaorthaidh teacht léi. Nuair a chonaic an fear eile iad ag imeacht do chaith sé é féin ar a ghlúinibh agus duairt sé:-
“A Ghobnait mhúinte” 7rl
D’iompaigh Gobnait siar air agus dúirt sí an chaint a deireadh sé féin

(continues on next page)
Collector
Maighréad Ní Chróinín
Gender
female
Age
12
Address
Carrignadoura, Co. Cork
Language
Irish