Bhí duine i mbéal bháis in áit iargúlta éigin le linn Phádraig Naofa a theacht go hÉirinn. Bhí fear bocht, gan duine gan daonnaí, ina aonar agus gan éinne chun glaoch ar shagart ná ar bhráthair chuige chun na hola a chur air i gcomhair an bhóthair fhada. Bhí ár Slánaitheoir ag féachaint anuas le trua agus le taise air, mar duine mín macánta i rith a shaoil dob ea an duine bocht so. Chuaigh ár Slánaitheoir ag triall ar Phadraig Naofa agus chuir sé cogar ina chluais á rá leis brostú chun an duine bhoicht seo.
D’imigh Pádraig le gealdeabhadh féna dhéin agus do chuir sé an ola dhéanach air. Leis sin, d’imigh an t-anam as, ach níor imigh sé i gan fhios do Naomh Pádraig, mar chonaic Pádraig an t-anam ag dul trí huaire as a chéile ón gcorp go dtí an doras agus thar n-ais arís, agus thug an t-anam póg don chorp gach uair acu. Chuir sé seo ionadh a chroí ar Phádraig Naofa – ní fheaca sé a leithéid riamh cheana agus d’fhiafraigh sé dár Slánaitheoir cad fé ndear é.
(continues on next page)