School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Ballingeary, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin

Filter stories

Back
/ 202 Forward
Resolution: Low | High
Béaloideas - Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 047

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Máire Tóibín, Inse an Fhosaidh. Aois – aon bhliain déag
24-11-’37
Béaloideas – Scéal.
Do bhí Eoghan Rua agus sagart ag áiteamh mar gheall ar bhaisteadh uair. Duairt Eoghan go bhféadfadh sé féin leanbh do bhaisteadh chomh maith leis an sagart agus duairt an sagart ná féadfadh agus thiomáineadar leo ar an gcuma san ar feadh tamaill ag caint agus ag áiteamh.
Fé dheireadh bhain an sagart a hata de, hata bréide dob ea é. Do shín sé an hata chun Eoghain agus duairt sé:- “Cuir i gcás gurb é sin an leanbh, conas a bhaistfeá é?” Thóg Eoghan an hata agus duairt sé:-

“Baistim an leanbh seo
gan tóin, gan cheann,
gan tobar, gan uisce,
gan bhraon don leann;
reithe dob ea a athair,
is caora dob ea a mháthair,
is a leithéid do bhaisteadh
níor tháinig riamh im láthair.”

Collector
Máire Tóibín
Gender
female
Age
11
Address
Inchinossig, Co. Cork
Language
Irish