School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sainnte go cráidhte nách orm atá an mí-ádh agus do bhí go buaidheartha agus go mí-shuaineasach agus go dóighte, ach ní thabharfadh sé an raol uaidh in aon chor. In ndeire thiar thall sé a dhein sé ná dul do léim san abhainn bhréin, bhracaidh sin agus do chuaidh sé do bhuillí snáimh anonn ar a dtaobh eile.
Do chuir seo Ifreann go mór tré na chéile, do bhítheas go buaidheartha agus go bagarthach. Do chuadar na deamhain móra i gcómhairle a chéile. Cad a dheanfam leis ar said. Ceangaltar den charraig i dteannta Phroméitis é arsa duine acu.
Curtar ag tarrac an uisce fara danáideas é, arsa deamhan eile. Téigheadh sé i dteannta Sisupus ag tiomáint na slóite rómpa arsan tríomhadh deamhan. Deirig an deamhan mór na sheasamh. Ná déantar ar sé aon nige d'es na neithe sin leis. Ceapaimís píonós éigin a chrádhfaidh a chroide ann.
Cuirtear ar ais ar an saghol arís é go bhfecidh sé an droch-chrích atá a thabhairt ar a chuid airgid ag an dream go ndiaig sé dhóibh. Sean-Fhocail - Saruigheann an t-sainnt í féin.- Collector
- Nóra S. Ní Chróinín
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Goirtín na Coille, Co. Cork