Do bhí fear ann fadó. Níor rugadh riamh aon fhear ba mhó dúil in airgead ná é. Do bhí an tsaint ina chroí agus an doicheall agus an scanradh chun an tsaoil. Níor thug sé déirc do bhochtaibh riamh. Do bhailigh sé a chuid go bocht agus go sprionlaithe. Do bhailigh sé cuid mhaith de. Do bhí na naoi míle naoi nuaire aige. Tugadh breith dhamanta láithreach ar fhear sin na sainte; an tsaint do dhaor é; an tsaint do mhill é; an tsaint do chur in umar na haimléise é. Do ghluais sé fé dhéin lice na bpian agus níorbh fhada go dtáinig sé ar bhruach abhann Stics. Do ghlaoigh sé ar Chonán na Féinne. Tháinig Conán agus a sheanbhád aige agus d’iarr sé air cad a bhí uaidh. “Cad a bheadh uaim ach mé a chur thar abhainn,” arsa fear na sainte. D’fhéach Conán síos agus suas air. “An uile mhí-ádh ormsa má chuirim anonn gan réal thú,” ar sé sin. “Aidhe mo léir! is cá bhfaighinnse réal dhuit,” ar seisean. “An amhlaidh a mheasfá mé a chreachadh?” “Cogar i leith chúm a Chonáin,” ar seisean, “tabharfaidh mé toistiún is leathphinge duit.” Níl cur síos ar an gcaint a duairt Conán, ach do labhair sé go fóstrach. “Ochón,” arsa fear na
(continues on next page)