School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 045

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 045

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 045
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí fear ann fadó. Níor rugadh riamh fear ba mhó dhúil in airgead ná é. Do bhí an t-sainnt na chroidhe agus an doicheall agus an scannradh chun an tsaoghail. Níor thug sé déirc do bhochtaibh riamh. Do bhailig sé a chuid go bocht agus go sprionnlaithe. Do bhailig sé cuid maith de. Do bhí na naoí míle naoí n-uaire aige.
    Tugadh breith damanta láithreach ar fhear sin na sainnte, an t-sainnt do dhaor é, an t-sainnt do mhíll é, an t-sainnt do chur go deó in umar na h-aimhléise é. Do ghluais sé fé dhéin lice na bpian, agus níor b'fhada go dtáinig sé ar bhruach abhann Stics. Do ghlaoidh sé ar Conán na Féinne. Tháinig Conán agus a shean-bhád aige, agus d’iarr sé air cad a bhí uaidh. Cad a bheadh uaim ach mé a chur thar abhainn, arsa fear na sainnte.
    D’fhéach Conán síos agus suas air. An uile mí-ádh orm-sa má cuirim anonn gan raoll thú ar seiseann. Aidhe mo léir! is cá bhfainnse raol duit ar sé sin. An amhlaidh a mheasfá mé a creacadh Cogar i leith cúgham a Chonáin ar seisean tabharfadh mé tuistún is leath phinge duit. Níl cur síos ar an gcainnt a dubhairt Conán, ach do labhair sé go fóstroch.
    Ochón arsa fear na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra S. Ní Chróinín
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Goirtín na Coille, Co. Cork