Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt an Rígh ansan le Seán go gcuirfeadh sé an bheirt leanbh agus Seán í bhfalach agus go ndéarfadh sé leis an mbanríaghan go bhféadfadh sé Seán a aitbheáchtaint airís ach an ceann a bhaint de'n bheirt leanbh agus é a úngadh[?] le na gcuid fola féachaint cad déarfadh sí.
Do chuir sé an trúir abhaile ansan. Ar ball do tháinig an banríoghan abhaile agus dubhairt an Rígh leis mar gheall ar na leanbh agus go bhféadfaí Seán a aithbheóchtaint air ach an bheirt leanbh a mharbhugadh agus é a iongadh le na gcuid fola. Do bhí an Ríghan brónach ar dtús ach ansan dubhairt sí go raibh Seán chómh maith san gur thug sé a anam ar a son.
Do bhí áthas ar an Rígh ansan nuair abhí an banríoghan ar aon aigme[?] leis féin. Do mhaireadar go léir go séimh suaimhneasach as san amach.
Cáit Ni Shúileabháin (16) a thóg síos o Bn. Sn. Uí Luaisaigh (68) Carraig an Adhmaid.- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Faisnéiseoir
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Cork