School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)shrois sí Corcaig agus do chuaidh sí isteach i dtig ósda agus d'iarr sí lóisdín agus do fuair sí é. Do thugadar an suipéar di agus do thosnuig sí ithe.
Do bhí sé a leath-uair tar-éis a naoi nuair a shuidh sí síos chun an búird agus do bhí sí ithe go dtí go raibh sé tímpeall a leath-uair tar-éis a h-aon-dhéag nó mar sin agus annsan do chuaidh sí a chodhladh mar do bhí ana thuirse uirthe. Do bhí sí istig sa leabaidh ar a dó-dhéag a clog.
Do chodail sí an neómat san agus nuair a tháing an maidin d'eirigh sí ar a sé a chlog agus d'ith sí a breicfeast agus d'imthig sí léi ag siúbhal. Ní raibh fhios aice cá raibh sí ag dul as san amach agus do bhí sí seachtmhain amuich an uair sin. Do bhí sí ag siúbhal go tapaidh féachaint an shroisfheadh sí aon siopa sar a dtagadh ocras trom ar fad uirthe.
Ach do bhí ana ocras uirthe sar ar shrois sí aon siopa agus do bhí sí ana(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chríodáin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Máire Bean Uí Chríodáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 52
- Address
- An Chúil Iarthach, Co. Cork