School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bosca mór iarrainn acu ach do bhí leabhair acu istig ann agus aon lá amháin do bhí Siobhán ag cainnt le Síle agus dubhairt sé léi go dtógfhaidís na leabhair amach as an bosca agus go gcuirfhidís an t-airgead a bhí acu isteach ann agus dubhairt an dune eile go ndéanfhaidís é.
Is shuas an staidhre a bhí an bosca acu agus do chuaidh an bheirt acu suas an staidhre agus do thosnuigheadar ar na leabhair do thógaint amach, agus do bhí alán díobh ann agus do thugadar leó síos an staidhre iad agus do chuireadar anáirde ar an driosúr beag iad agus do bhídís á léigheadh uaireannta nuair a bhíodh uain acu.
Nuair a bhíodar go léir shíos sa chistin agus anáirde ar an driosúr acu do fuaireadar an mála 'na raibh an airgead istig ann acu, agus ní raghadh feóirling ná leath-fheóirling eile isteach ann do bhí sé cómh lán san.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chríodáin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Máire Bean Uí Chríodáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 52
- Address
- An Chúil Iarthach, Co. Cork