School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí baintreabhach an uair agus bhí aon mac amháin aici. Seán ab'ainm do. Ní raibh ach aon bhó amháin aca. Bhí Sean ana leisgeamhail. Bhí paiste talmhan aca leis agus dá mba buachaill ciallmhar Seán d'fhéadfadh sé rudaí a chur ag fás an ach ní raibh aon mhaith ann.
Pé sgéal é bhíodar chómh bocht san ná bíodh a ndóithin le n-ithe aca uaireanta. An tráth nóna so ní raibh blúire bídh fé dhíon an tíghe aca agus dubhairt an baintreabhach le Seán go gcaithfeadh sé dul ar aonach lá'r na mháireach agus an bó a dhíol no go gcaithdifdís dul amach ad' iarraidh déirce.
Bhí áthas ar Sheán mar bhí a fhios aige go mbeadh saoghal maith aige ar an aonach. Chuadar a chodhladh an oidhche sin gan pioc d'ithe. Maidean lá'r 'na mháireach d'eirig Seán go moch agus níor ith sé aon bhriecfeast ach d'imthigh sé leis agus an bhó 'á thiomáint amach roimis aige. Shrois sé(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Bean Sháin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork